I’m beyond delighted to present this short story to you written by Clodagh Kane, Trinity College student of Early and Modern Irish… Also daughter to our very own Amanda. Such a beautiful story in our native tongue about our native Irish foxes. Well done Clodagh.

Saol an tSionnaigh.

Tugann an scéal seo breac-chuntas ar shaol an tsionnaigh tarrthála Ayla. Rinne Ayla, a bhí ina cónaí ar fheirm fionnaidh go dtí gur tharrtháil a máthair í ag díreach ceithre seachtaine d’aois, cairdeas le gach duine ar bhuail sí leo. Bhí Ayla an-socair agus suaimhneach le haghaidh sionnach, is annamh a chonacthas í gan aoibh gháire ar a haghaidh.

Feicimid sionnach óg an-sásta nach féidir leis filleadh ar an bhfiántas ar an drochuair mar a rugadh í i mbraighdeanas.  Ba bhreá le Ayla dul ‘ag siúl suas sléibhte agus ag imirt ar thránna’, lena máthair agus a cara is fearr Loke. Trí na gníomhaíochtaí seo a dhéanamh, mhothaigh Ayla mar shionnach arís. Mothaíonn Ayla as áit  amanna agus í sa ‘fiáin ‘ ach baineann sí taitneamh as slándáil a teaghlaigh freisin.

Feicimid íomhánna de shionnach  óg ag rith timpeall go leor áiteanna cosúil le sliabh clúdaithe le sneachta, trá, agus gairdín Ayla. Feicimid a cara is fearr Loke, madra dubh agus a húinéir a bhfuil cuma an-sásta agus ábhar orthu araon . Bhí Ayla saor ó aon imní agus thug a máthair aire mhaith di.

Rinne máthair Alya gach rud a d’fhéadfadh sí a dhéanamh chun go mbraithfeadh sí féin agus a cara is fearr Loke sa bhaile agus sábháilte. Trí iad a thógáil amach ar a n-eachtraí chruthaigh Ayla agus Loke ceangal lena máthair agus chuir siad muinín inti, rud a bhí deacair dóibh. Ag deireadh an fhíseáin is féidir linn aghaidheanna sona Alya, a cara is fearr Loke agus a máthar a fheiceáil. Is uafásach an chaoi a ndeachaigh siad go léir trína gcuid trioblóidí féin ach anois tá a chéile acu chun sonas a thabhairt.

.

Fox Sionnach Madra rua

As Bearla…

This story outlines the life of the fox rescuer Ayla. Ayla, who lived on a fur farm until her mother rescued her at four weeks old, made a friendship with everyone she met. Ayla was very calm relaxed for a fox, she was rarely seen without a smile on her face.

We see a very happy young fox that unfortunately can’t return to the wild as she was born in captivity. Ayla would love to go ‘Walking up mountains and playing on beaches’ with her mother and best friend Loke. By doing these activities, Ayla felt like a symphony again. Ayla feels out of place at times while in the ‘Wild’ but also enjoys the security of her family.

We see images of a young symphony running around many places like a snow-covered mountain, a beach, and an Ayla garden. We see her best friend Loke, a black dog and her owner who both look very happy and content. Ayla was free of any anxiety and her mother took good care of her.

Ayla’s mother did everything she could to make her and her best friend Loke feel at home and safe. By taking them out on their adventures Ayla and Loke formed a connection with  their mother and trusted her, which was difficult for them. At the end we can see the happy faces of Ayla, her best friend Loke and their mother. It’s terrible how they all went through their own trouble’s but now they have each other to bring happiness.